16 October 2010

Ómós do Micheál ár Múinteoir

Cothrom an lae inniu cailleadh Michael Mc Mechan, scoláire den scoth agus múinteoir Gaeilge dúthrachtach i Siceago le blianta. Má bhí aithne agat air, le do thoil, fág cuimhneamh nó smaoineamh ar a shon anseo mar tuairim. Ar dheis Dé go raibh a anam.

15 October 2010

Brioscaí blasta


Uaireanta ceapaim nach bhfuil bia dúchasach Meiriceánach ann. Ach is é sampla maith iad na brioscaí seo. Déantar le im piseanna talún iad (agus cuid mhaith im agus siúcra). Cuirtear cros orthu le foirc go coitianta, agus itear le gloine bainne tar éis lá scoile iad.
Published with Blogger-droid v1.6.0

09 October 2010

Is breá liom an tír seo!

Ní chuala mé an scéal iomlán. Ach dúirt sí go raibh coimhlint ar siúil idir sise agus fear éigin dá cuid cairde. Ní fheadar cad a rinne siad chun an t-airgead a bhailiú? Agus cá háit a chuireadh é ar an bhfear siúd?

06 October 2010

Speicis i mbaol


Tá an frog bocht Spáinneach seo déanta as seacláide, agus droideann tráthnóna fada san oifig ag a dheireadh... Is beag an seans go bhfeicfidh sé lá eile sa mhothair seo.