Showing posts with label Éireann. Show all posts
Showing posts with label Éireann. Show all posts

18 July 2013

Tonn teasa

Nuair a thagann tonn teasa go hÉireann --
Laetha fada 's oícheanta teo --
Bíonn daoine ag pléascadh le háthas:
"Go raibh aimsir mar seo ann go deo!"
Ach tar éis cúpla lá dá lethéidse
Is ar éigean a bhfuil siad beo:
Tá siad cráite is leáite is dóite
Mar ní thaitníonn an ghrian sin leo.

"Tabhair ar ais dúinn fearthainn is báisteach.
Beimid sásta le scamaill is ceo.

Mar cad é a bhfuil againn géarán faoi
Le haimsir ar nós Mheicsiceo?"

08 April 2011

Is maith liom tae!

Roimh ár dturas, rinne mé taighde faoi praghas bhosca mór Barry's Tea (an branda tae is fearr liom) in Éireann. Anseo, íocann mé um $8 le 80 mála tae. Fuair mé 160 mála le €6.29 (um $9.06) ag Tesco. Nach sásta atá mé! (Fiú mura bhfuil "Karen's Tea" le feiceáil ar an gcomhartha fógráin.)

31 March 2011

Na ceithre chúigí as gloine

Sa halla na cathrach Béal Feirste, thug mé faoi deara na fuinneoige seo thuas. Léiríonn siad na ceithre chúigí na hÉireann: (ón chlé) Cúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan, agus Cúige Uladh. Is maith liom na fuinneoga ghloine dhaite mar tá na dathanna chomh beoga sin. An aithníonn tú na siombail go léir sna n-armais?

28 March 2011

Bob an Tógálaí

Chuamar go Béal Feirste agus chaith muid tráthnóna iontach ag siúlóid grianghrafadóireachta curtha le chéile le @Davymac agus @icedcoffee. Bhí cuairt phríobháideach againn ag suíomh tógála ionaid léirithe an Titanic. Bhí scata maith daoine ann, agus bhí hataí crua agus veist sábháilteachta agus buataisí móra le caitheamh againn.
Fiú ag Bob an Tógálaí.

27 March 2011

Ó Cualann

Táimid ar ais sa bhaile tar éis laethanta saoire thar barr in Éireann. Bhí aimsir ar fheabhas againn an t-am ar fad, agus Déardaoin chuaigh muid amach faoin tuath. D'ith muid ár lón san Tóchar (Roundwood), an baile is airde in Éireann. Ar an mbealach, fuair mé an radharc is deise den sléibhe Ó Cualann (Sugarloaf).
 Bhí an bradán deataithe blasta, ach ní bheidh dúil agam air arís ar feadh tamaill!

18 March 2011

Cuan Bhaile Átha Cliath

Bhain muid Baile Átha Cliath amach Dé Céadaoin agus amach liom go Dumhach Trá (Sandymount). Iontas na n-iontas, tráthnóna geal lonrach a bhí ann. Rinneamar siúlóid fada ar an trá agus bhí sé rómánsach ar fad d'ainneoin an chlabair. Chonaic mé an méid sin uigeachtaí éagsúla ann! Chuir sé i gcuimhne dom póstaer an scannáin "Le Grand Bleu".

10 March 2011

Níl a lán ama le fanacht againn!


An bhfeiceann tú? Níl ach ceithre buailtí fágtha ag an ticéad traenach seo. Agus nuair a bheidh sé caite, beidh muid ar laethanta saoire!!

Is ag dul go hÉirinn atá muid, agus caithfidh muid Lá 'le Pádraig i mBaile Átha Cliath. Táim ag tnúth go mór leis an turas seo, go háirithe toisc go mbeidh deis agam bualadh leis na blagadóirí a bhím ag léamh le blianta anuas.

Foighne!
Published with Blogger-droid v1.6.7

29 November 2008

Príosúnach!


Chonaic mé an spéirbhean seo nuair a bhí muid ag siúl i gCathair Chorcaigh. Níl sí ábalta éalú ón gcláirseach; tá sí dolta, an créatúr!

26 November 2008

Ní íomhá atá ann, ach...

Seo an méid a rinneamar lá an toghcháin mór agus muid ar saoire i gConamara:

Ardtráthnóna: Dé Máirt 04 Samhain 2008
Beirt cheoltóirí as Chicago Mheiriceá atá ar chuairt i gCeantar Chonamara. Bíonn siad ag foghlaim Gaeilge i Chicago & tháinig siad go hÉirinn do Fhéile an Oireachtais.

Bhíomar díreach tar éis na fataí móra!
Mícheál Mac Donnchadha & Máirtín Tom Sheáinín ag meáchan na bhfataí a tháinig isteach do chomórtas na bhfataí móra.