Showing posts with label Chicago. Show all posts
Showing posts with label Chicago. Show all posts

13 February 2013

Grianmhar agus glinn

Maidin grianmhar a bhí againn faoi dheireadh. Rianta solais ag glioscarnach tríd an aer. Breithlá sona duit, a Uachtaráin Lincoln!


Taitníonn an íomhá níos fearr liom fiú le éífeacht postaeir uirthi.

15 April 2012

Tá na smailtíní ar ais!

Is breá le lucht iascaireachta Chicago na smailtíní. Tagann siad i mí Aibreáin agus téitear amach san oíche nó an-luath ar maidin ar bhruach Loch Michigan chun iad a mharú. Tá siad an-bheag agus itear go hiomlán iad. 

Laghdaíonn a n-uimhreacha na laethanta seo, ach is traidisiún é fós dul amach á dtóir i Chicago agus ar cósta Indiana chomh maith.

12 April 2012

Cathair i ndrithlín


a
An rud is fearr liom i Millennium Park i lár na cathrach Chicago ná an dealbh dar ainm "Cloud Gate". Tugtar "an pónaire" air ag chuile duine. Tá an barr fíorach le feiceáil go hiontach air, agus na daoine ar an bplás chomh maith.
Tá an chuma air go bhfuil mé i gceartlár an domhain!

29 April 2011

Fuarán Buckingham


I gcroílár Grant Park i Chicago, tá fuarán álainn ann. Thug Kate Buckingham é mar leacht i gcuimhneamh a dearthár Clarence. Is cóip é de ceann ag Pálas Versailles. Athchóiríodh é i 2000.
Published with Blogger-droid v1.6.8
Publish Post

15 February 2011

Nósanna páirceála Siceagó

Níl iontas ag éinne go bhfuil geimhridh fada crua againn i Siceagó. Cinnte, tá áiteanna eile sa tír a bhfaigheann i bhfad níos mó sneachta ná muid, ach bíonn meas againn roimh an sneachta mar sin féin.
Mura bhfuil garáiste agat, ní mór duit do charr a pháirceáil sa sráid. Agus tar éis stoirme shneachta, tá ortsa sluaisteáil chun é a saoradh. 

Tar éis an méid sin allais agus fuacht agus péine dhroim, ní bheidh tú sásta ar chor ar bith má thagann tú abhaile agus tá an spás a nochtaigh tú á úsáid le carr dhuine eile! Cinnte nach leatsa an spás sin ar nós dlíthiúil, ach sna laethanta brúidiúla gheimhridh, caithfidh tú d'éileamh críche a chosaint.

Mar seo:

Údarásach.
 Áititheach.
Truamhéalach.
Débhríoch.
Neamhéifeachtach

16 October 2010

Ómós do Micheál ár Múinteoir

Cothrom an lae inniu cailleadh Michael Mc Mechan, scoláire den scoth agus múinteoir Gaeilge dúthrachtach i Siceago le blianta. Má bhí aithne agat air, le do thoil, fág cuimhneamh nó smaoineamh ar a shon anseo mar tuairim. Ar dheis Dé go raibh a anam.

16 September 2010

Borróga bídeacha blasta ag bogadh

Chuala mé faoi agus léigh mé faoi, ach is é seo an chéad uair a bhfaca mé trucail cupcake ariamh. Tá sé shaghas cístíní ar fáil acu; roghnaigh mé seacláide le Nutella. Má tá na cístí beaga, níl an praghas chomh bheag sin: $3.25 an ceann! Is é seo an chéad trucail bia i Chicago (creid é nó ná chreid).
http://www.flirtycupcakes.com
Published with Blogger-droid v1.5.9

22 August 2010

Acadamh Cheoil Ghaelach Chicago

Le triúr fidléirí, viola, agus cello, tá fuaim spéisialta ag an grúpa daoine óige seo.
Published with Blogger-droid v1.5.4

01 July 2010

Feicim féin le mo shúil bheag ghéar...

...limisín an-fhada corcra agus é páirceáilte roimh an oifig. Cé leis atá sé, a cheapann tú?

09 May 2010

Damhsa an gliomaí


Tháinig dream as Nova Scotia go dtí an Fhéile Cheilteach Chicago, agus thug siad a ngliomach leo.

Faoin "Bean"

Bhí an lá fliuch agus fuar. Chuaigh dream mór ar foscadh faoin dealbh "Cloud Gate" atá leasainm "The Bean" air.

11 March 2010

Scairdeáin smaragaide

Is í an dea-nuacht ná tá an aimsir te go leor chun na foinse a bheith ar siúl arís i Chicago. Is í an droch-nuacht ná smaoiníodh go mbeadh sé go deas an t-uisce a dathú uaine.

25 January 2010

Réidh chun na sláintí

Cheiliúr muid brethlá Robert Burns ag Martyrs' i Siceagó. Tá trí ghloine fuisce ag fanacht ar an bpóidiam lena léitheoirí a bheidh ag fógairt sláintí ar son file náisiúnta na hAlban.

21 January 2010

Scuad na ngeocaí


Triúr geocaí riomhaire a chonaic mé ar maidin, leis a dtáibléid ar a dtóin. Bígí cúramach nuair a suíonn sibh síos, a leaids!

20 January 2010

Balla fuaime


(Gan Phil Spector) Chuaigh muid go siopa ceoil Guitar Works in Evanston. Bíonn uirlisí deasa ann, giotáir den chuid is mó. L'Arrivée, Martin, Bourgeois, Beneteau ina measc.

13 January 2010

An Buachaill Bó Nocht Bocht!



An fear bocht! Níl ach -4C amach an doras inniu! Ach caithfidh mé a rá go raibh áthas orm é a fheiceáil. ;^)

(Tuilleadh eolais faoin Buachaill Bó Nocht)

20 November 2009

Leagadh fear ag an trasnú


Chonaic mé é an samhradh seo, i dtrasrian coisithe i Chicago. Ní raibh mé cinnte an raibh sé cairdiúil, mar sin chuaigh mé thart gan labhairt leis.


Ach bhuail mé leis i ndiaidh na pábhála sraide, agus ní an duine céanna ab é a thuilleadh. Tá saol na sraideanna crua.
(Cineál mím atá ann dar liom féin. Féach freisin: Cad é an Ghaeilge ar "meme"?)

18 November 2009

Ag imirt cispheile sa spéir



Chonaic mé grúpa bhfear ag imirt cispheile an tráthnóna seo.



Níl a fhios agam an bfuil na himreoirí ard, ach tá siad ard go leor-- tá an cúirt sin ar 23ú urlár an phríosúin.

11 September 2009

An tusa, Nokomis?


Chonaic mé an gealach sa spéir ar chúl deilbhe Ceres. Leis an Indiach (ní dheirtear "Indiach Dearg", surely?) sa radharc, chuireadh i gcuimhne dom an dán "An tAmhrán Hiawatha" le Longfellow.

23 July 2009

Ceansú trácthat uirbeach


D'osclaíodh poll leathan agus deimhin i lár an chrosbhóthair. Ní fhaca muid fós duine ag obair ann.