26 June 2007

Páirceanna cúnga Québec


Rinne mé an grianghraf seo ón eitleán. Feicimid an abhainn St. Lawrence. Tá na páirceanna i Québec an-chúng toisc go rinneadh iad de réir an chórais seigneurial san 16ú aois. Mar sin, fuar gach duine páirc, coill, agus bealach isteach chuig an abhainn.

25 June 2007

Ealaín gan saothar


Chonaic mé an fhuinneog salach seo i gCathair Québec. Tá cuma air mar rud a d'fheicfí in iarsmalann, is dóigh liom.

23 June 2007

Ag snámh

Léim me san abhainn i Québec inniu le mo chuid cairde. Ta sé mídhleathach; nil cead ag duine ar bith a bheith ag snámh ag an áit sin. Ach tiocfaidh sé lé éigin.

La brea le feilte mora

Béimid i gCathair Québec go luath. Is oíche Féile Naoimh Jean-Baptiste inniu, agus beidh ceiliúradh mór sna sráideanna anocht.

21 June 2007

An seipeal beag

An seipeal adhmaid is sinne i mheirecea o thuaidh anseo i Tadoussac.

Ar aghaidh linn go Tadoussac

Taimid ar bord an bhaid farantoireachta idir Baie Ste-Catherine agus Tadoussac. Ta fjord ann agus gealltar go bheicfimid miolta mora amarach...

18 June 2007

Ósais ard


Coimhéadann clog an stáisiúin traenach ar na daoine agus é ag rá: Tá sibh ró mhall! Ní ghabhfaidh sibh riamh an traein 17:16! Ach nuair a bhrostaím chuig an traein, feicim ar an ardán sin, suaimhneach, suairc, scáthach.

17 June 2007

Cicadas


Léigh mé beagán faoi na cicadas, agus ní lócaistí fíora iad. Ballaí an ord Cicadidae iad, agus ní thagann an cineál seo amach ón dtalamh ach uair amháin gach 17 mblian. Tá siad mór go leor, féach:

D'ainneoin a gcuma scanrúil, níl siad contúirteach. Tá a gcuid cheoil callánach agus diamhair.

Ni fiorphost e seo

Seo radharc ar ngairdin. Taim ag tastail bheith ag blagadoireacht o mo fon poca. (nil fadas ann, gabh mo leithsceal)

16 June 2007

Ag an mblastáil fíona 2


Imríonn an cailín seo le balún i lár na tástála fíona. Ní fheadar an mhairfidh an spraoi fada,
leis an greim láidir atá ar an balún aici.

15 June 2007

An gairdín uisce


Fásann plandaí óna pílí adhmaid san Abhainn Chicago gach samhradh. Is cineál gairdín uisce.

14 June 2007

Saol mhadra


Níl saol an mhadra seo ró-dhian. Ní fheictear annamh madra i lár Chicago, go háirithe ag uair na deifre.

An tacsaí uisce


Ritheann tacsaí uisce idir an stáisiún traenach agus bun an Aibhinne Michigan (an chuid is faiseanta) ar an abhainn Chicago ó Bealtaine go Meán Fómhair. Is breá an turas gearr; amharcann tú an chathair go húire.

13 June 2007

Fara chairr


Nach beagán ait é, an chuma atá ar an SUV sin? Cleas na peirspictíochta atá ann; dar liomsa tá an carr ag fair ar dian an gharáiste phoiblí.

12 June 2007

Maireann an grá bráithriúil


Maireann an grá bráithriúil anseo, de réir an chomhartha os cionn an dorais. Seasann an seanfhoirgneamh ar triantán idir an iarnród agus dhá sráid móra; nílim cinnte go mhairfidh an foirgneamh é féin, in ainneoin an bhráithreachais.

11 June 2007

Ar a líonra


Chonaic mé an damhán alla seo ar an droichead. Le fírinne, chonaic mé an líonra ar dtús toisc go raibh sé ag glioscarnach sa solas.

10 June 2007

Klezmer!


Ó am go ham cuirtear le chéile grúpa klezmer ag ár tsionagóg. Séineann Steve an chláirnéid go fiáin. Mise mar klezmorim

09 June 2007

Oíche le Úna


Thug Úna cuireadh dúinn ceol a sheinm le chéile. Chaitheamar oíche suairc leí; tá a lán fonn aicí, agus níl a mhacasamhail le fáil mar banóstach.

Stionsail ceilteacha


Tá grúpa déagóirí ag réitiú comhartha le haghaidh an fhéile Éireannach an mhí seo chugainn.

08 June 2007

Buamaí silíní


Thiteann a lán silíní ón chrann ár gcomharsan. Nuair a fágaim an garáiste sa charr, cloisim pléascthaí beaga go leor agus na boinn ag brú na torthaí ar an gcamhsa.

07 June 2007

Imeachtaí ar nós na gaoithe


Lá gaothach a bhí ann inniu. Gabhadh an nuachtán ar méadar pháirceála in aice leis an fhoirgnimh Sears; bíonn sé gaothach i gcónaí ansin.

06 June 2007

An dromadóir ar an droichead *


Feicim an dromadóir seo gach lá ar an droichead idir an halla cheoldráma agus an stáisiún. Canann sé an t-am ar fad: curfánna amhrán, ainmneacha ballaí na Bulls (óna nóchaidí, nuair a bhí siad tréan), nó crónannan sé go hard (nach béiceáil a tugtar ar sin?).
*Nach ainm deas phoirt traidisiúnta a dhéanfaí de?

04 June 2007

Frithchaite faoina raillí


Is í creatlach an "El" atá le fheiceáil sa lochán uisce seo.

03 June 2007

Taispeánann Chef Patrick bealach an bhia blasta


D'fhreastail muid ar léirsiú cócaireachta le fíor príomhchócaire Francach. Rinne sé cácaí phortáin, poulet chasseur, agus soufflés reoite.

02 June 2007

Béal bhéile ag baile


Anois go duine fásta mé, táim ábalta imirt le mo chuid bia ó am go ham (mura bhfuil páistí ann).

01 June 2007

Íomhá bhónais


Tá siopa le bailitheoirí monaí ar Sráid Clark le macasamhala seanbonn ar an mballa; tá siad chomh mór le plátaí dhinnéir.

Aoibhneas na Tuirce


Bhí a lán potaireachta ar dhíol ag an fhéile Thúirceach i lár Chicago, le dervísí, kebabs, agus caifé draoibeach ina theannta sin.