18 September 2010

Féile fómhair nó faill fiántais?

Bíonn mórán féilte Oktoberfest ar siúil faoi láthair. Tagann na daoine le chéile na laethanta deasa deireanacha an tsamhraidh, agus ólann siad a lán beorach. Tá sé mar sna féilte Gaelacha nach mór. In áit éadaí glasuaine, feictear lederhosen agus hataí Tyróileacha, agus dirndl corruair. In áit damhsa steip, polca agus Ólé-ólé (agus Neil Diamond - mínigh dom é sin, le do thoil). Ein, zwei, chupa!
Published with Blogger-droid v1.5.9

16 September 2010

Borróga bídeacha blasta ag bogadh

Chuala mé faoi agus léigh mé faoi, ach is é seo an chéad uair a bhfaca mé trucail cupcake ariamh. Tá sé shaghas cístíní ar fáil acu; roghnaigh mé seacláide le Nutella. Má tá na cístí beaga, níl an praghas chomh bheag sin: $3.25 an ceann! Is é seo an chéad trucail bia i Chicago (creid é nó ná chreid).
http://www.flirtycupcakes.com
Published with Blogger-droid v1.5.9

13 September 2010

Am ithe

Go coitianta, feictear rudaí ó dhearcadh amháin. Tagann cuma eile orthu má amharcann tú ó áit nua, nó má amharcann tú go géar orthu.
An ghnáth-pheirspictíocht ar an gcomhartha neoin clasaiceach seo.

08 September 2010

Grian maidne ón mbus buí

Ag tiomáint abhaile an maidin seo, stop mé ar solas tráchta i ndiaidh bus scoile. Bhí mé gafa le mo smaointe féin, ach ansin d'airigh mé triúr páistí scoile gealgháireacha ag croitheadh a lámh chun beannú dom! Bhain siad gáire asam, bhí siad chomh croíúil sin.

07 September 2010

Is amhlaidh a mhionaíonn an briosca

Bhí an t-ádh ag Chrissie. Cheannaigh a máthair briosca ollmhór dí. Bhí an briosca seo chomh mór is a ceann! Ach níl gach rud dathúil spraíúil; fuair sí amach nach raibh an briosca chomh h-úr sin, agus thit sé i smidiríní nuair a bhain sí greim as.

06 September 2010

Lása ar an líne

D'úsáid mé an líne níocháin nua den chéad uair inniu. Ní líne atá ann, tá cuma crainn nó scátha fearthainne uirthi. Tá sí mar a chéile leis an ceann a bhí ag mo sheanmháthair nuair a bhí mé óg. Bhí mé iontach sásta na h-éadaí a triomú amach faoin spéir agus lá breá gaofar ann.

02 September 2010

An citeal ag canadh


Oicé, ní scannán mór atá ann, ach rinne mé an maidin seo é, roimh fainne an lae. Bainigí sult as.