Showing posts with label iascaireacht. Show all posts
Showing posts with label iascaireacht. Show all posts

15 April 2012

Tá na smailtíní ar ais!

Is breá le lucht iascaireachta Chicago na smailtíní. Tagann siad i mí Aibreáin agus téitear amach san oíche nó an-luath ar maidin ar bhruach Loch Michigan chun iad a mharú. Tá siad an-bheag agus itear go hiomlán iad. 

Laghdaíonn a n-uimhreacha na laethanta seo, ach is traidisiún é fós dul amach á dtóir i Chicago agus ar cósta Indiana chomh maith.

30 June 2010

Iasc an lae

Mharaigh muid piardóige (cráifisce) inné. Chuir muid bagún ar an duán agus mheall muid iad amach as a bpoill ar bhruach locha bheag inár gceantar. Bhí siad mór go leor, den chuid is mó, agus bhí feoil fiú ina gcrúba uaireanta. "Ithigí go háitiúil," a chloistear go minic. Bhuel, seo é!