Showing posts with label báid. Show all posts
Showing posts with label báid. Show all posts

24 July 2010

Naói nua-aimseartha

Chonaic mé é lá roimh tús an stoirm baistí atá ag titim go trom anois. Bhí sé ag ceannach soláthar ag CVS, is dóigh liom. Ach níl sé chomh fial leis a shinséar; níl mórán spáis aige le cineálacha éagsúla a thabhairt ar bord leis. Nach fíor go bhfuil muid ag cailliúint bithéagsúlachta na laethanta seo?

7 Agus a dubhairt an Tighearna, Sgriosfuidh me an duine do chruthaidh me ó aghaidh na talmhan; ar áon an duine agus an beitheach agus an ni shnámbus agus éunlaith an aiéir; óir as aithreach liom a ndéunamh. 8 Ach fuair Naói grása a bhfiaghnuise an Tighearna. 

26 September 2008

Éiríonn na rudaí dáiríre anois


Chonaic mé báirse ar an abhainn.

Ar an abhainn faoi foirgneamh an stocmhargaidh.

Comhlacht scartála atá ann. De réir cosúlachta, tá an ghéarchéime eacnamaíochta níos measa nár a cheap mé!

08 June 2008

Ar an t-oileán Monhegan

Ta sé te faoi dheireadh! Tiocfaidh scata úr turaseoir go luath. Caillfear iad ar na coscáin doléir an oileáin.

06 September 2007

Cad é a scéal?


Chonaic mé ar an "dtacsaí uisce" í. Cuireann an radharc i gcuimhne dom na vignettes a léitear sna catalóg J. Peterman. Caithfidh sé go bhfuil scéal ann, ach níl a fhios agam. An bhfuil smaoineadh ag aon duine?

14 June 2007

An tacsaí uisce


Ritheann tacsaí uisce idir an stáisiún traenach agus bun an Aibhinne Michigan (an chuid is faiseanta) ar an abhainn Chicago ó Bealtaine go Meán Fómhair. Is breá an turas gearr; amharcann tú an chathair go húire.

02 May 2007

Folamh agus éasca


Chuaigh an báirse seo go tapa síos na abhann Chicago máidin inniú, le bád eile á thiomáint. De ghnáth tá siad lán le taconite ag dul go dtí monarchana na cruach ar bhruach an locha.

24 April 2007

Canú nua ag Bob


Seo lámha ár chomharsa, Bob, leis na pleannanna a chanú. Dheilbhigh sé é féin é, le cuidiú a mhac. Is as céadar é, agus iontach éadrom.

16 April 2007

Rámhaíocht ar an Abhainn Chicago


Is comhartha cinnte an earraigh nuair a tagann na foirne rámhaíthe ar an Abhainn Chicago.

Is maith liom go bhfuil aon grúpa ag tarraingt siar ag an nóiméad céanna go bhfuil an foireann eile cromtha go géar.

Imíonn siad agus a ráimhe ag fágáil fáinne in a ndiaidh.