12 January 2019

Cúpla focal faoin frithdhúnadh

Is fada ó scríobh mé ar an mblag seo, ach níl áit ar bith níos fearr chun mo chuid smaointe a chur in iúl.

Is bainisteoir Gnóthaí Poiblí mé leis an ngníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Thosaigh mé ag obair leis an EPA seacht mbliana is fiche ó shin.

Seo an tríú huair a tharla frithdhúnadh (tearma níos cruinne ná “dúnadh”, dar liom) le linn mo ghairmréime.

  1.  An chéad uair, i 1995, bhí mé an-bhuartha agus gortaithe; thóg mé go pearsanta é. Is dócha nach maithfidh mé riamh Newt Gingrich[1] dá bharr.
  2.  An dara huair, i 2013, bhí mé feargach. Bhí mé díreach ag tosú mar shaoiste agus b’in mo chéad dualgas ná gach duine ar m’fhoireann a sheoladh abhaile agus an oifig a dhúnadh.
  3.  An uair seo, táim dubh dóite den drochbhainistiú seo. Níl ciall ar bith ann muid a chur ar scor mar seo. Is cosúil go bhfaighidh na stáitseirbhísigh iarphá don tréimhse nach raibh muid ag obair. Is mór an faoiseamh dom é sin, ach ag an am céanna, sin le rá nach bhfuil ann ach cur i gcéill.
Cuirim an locht ar an uachtarán, cinnte, ach ar Mitch McConnell, ceannaire tromlaigh sa Seanad, chomh maith. Dá mbeadh sé sásta bille maoinithe (fiú sealadach) a ligean ar aghaidh, is dócha go mbeadh go leor vótaí sa Seanad chun cros an uachtaráin a shárú.

Cuireann an mhífhreagracht den Comhdháil agus den Teach Bán náire orm. Tosaíonn an bhliain fhioscach i mí Dheireadh Fómhair, agus tá an Comhdháil in ainm buiséad don bhliain a bheith socraithe acu ag an am sin. Ach ó 1998, níor tharla; eisíonn siad réiteach sealadach (CR), arís is arís, go dtí go bhfuil an buiséad socraithe. Is minic nach mbíonn cead againn soláthairtí a cheannach roimh mí an Mhárta.

Tionchar an frithdhúnta

Tá bean ar m’fhoireann, beirt déagóirí aici, agus is oibrí conartha leis an rialtas é a fear céile. Fiú má fhaigheann sise “aisíoc”, ní bheidh a leithéid ag a fear céile. Tá cúig faoin gcéad den pá bliantúil caillte aige go dtí seo... 

Tá beirt comhghleacaithe eile atá ag obair gan pá; imlonnaíodh iad go California chun bheith ag obair i ndiaidh na loscaidh sléibhe a tharla ansin le déanaí. Obair chrua í sin de ghnáth, laethanta fada, droch-coinníollacha oibre agus lóistín – maslú scannalach é iallach a chur orthu bheith ag obair mar sin gan iad a íoc.

Níl conclúid agam. Frustrachas, fearg, agus go leor focal-F eile:
  • fuaraistear, m. (gs. & npl. -tir, gpl. ~). Vain journey.
  • fuarbhlas, m. (gs. -ais). Stale taste; insipid taste.
  • fuarchaoineadh, m. (gs. -nte). (Act of) whining, whimpering. (Var:fuarchaoineachán m)
  • fuarchásamh, m. (gs. -aimh). (Act of) complaining, whining.
  • fuarchroíoch, a. (gsm. ~, gsf. & comp. -íche, npl. ~a). Cold-hearted; callous, unfeeling.
  • fuarchúiseach, a1. 1. Cool, imperturbable. 2. Chilly, frigid. 3. Apathetic, indifferent.
  • fuarghol, m. (gs. -oil). (Act of) whimpering.
  • fuarsceirdiúil, a2. Bleak and exposed. (Var:fuarsceirdeach a1)
  • fuarspreosaí. 1. f. (gs. ~). Listlessness, indifference; tepidity (of manner).
  • fuarthanach, m. (gs. -aigh). Numbness (from cold).
  • fuarthé, m. (gs. ~, pl. ~anna).1. Apathetic, negligent, person. 2. Apathy, neglect.



[1] Ceann Comhairle Theach na nIonadaithe SAM