Showing posts with label toghchán. Show all posts
Showing posts with label toghchán. Show all posts

26 February 2011

Ag lorg torthaí an toghcháin


Published with Blogger-droid v1.6.7
Chaith muid lá iontach i Milwaukee ag Lá na Gaeilge UWM. Bhí an t-ionad Hefter níos álainne ná riamh faoin sneachta, agus ranganna Gaeilge (trí leibhéal) ar siúl i rith an lae. Chonaic muid cairde nach bhfeiceann muid ach cúpla uair sa bhliain ann. Bhí léacht suimiúil faoin gcruicéad le Brian Ó Conchubhair, agus léacht faoina meáin chumarsáide Gaeilge le Shane Curran. Agus, dár ndóigh, gach uair a bhí sos againn, bhí muid ag breathnú ar an ríomhaire chun torthaí na toghchán in Éireann a léamh.

22 December 2008

Tá an sorcas imithe


Ón lá a tháinig mé ar ais go dtí an oifig tar éis an toghcháin, bhí i bhfad níos mó gardaí agus baracáidí timpeall an cheantair ná go coitianta. Stopadh an trácht cúpla uair sa lá, agus ní úsáideadh ach doras amháin chun dul isteach. Bhí mo chomhoibrithe ag breathnú ar na motorcades gach lá. Ach inniu is é an chéad lá gan an sorcas, toisc go bhfuil sos tógtha ag an foireann idirthréimhse go dtí mí Eanáir.

10 November 2008

An chéad lá ar ais i Chicago


Níor shamhlaigh mé cén rudaí nua a bheicfinn nuair a dtiocfadh mé ar ais go Chicago tar éis an toghchán. Tá meirgí móra sna sráideanna ón méara.

Agus tá camper veain ag na póilíní náisiúnta agus baracáidí ann chomh maith. Fuair mé amach go bhfuil oifig ag an seanadóir sa bhfoirgneamh os comhair linn.

24 October 2008

Mo rogha


Táim tar éis vótáil, sa chompord mo chistin agus mo fhallaing folctha.

Agus seo an chuid is suimiúla na ballóide. Feicfidh muid go luath...

Nóta beag: I Chicago, níl aon iontas go bhfuil a lán sloinní Éireannaí ar an mballóid (agus Pólannaí agus Spáinní ina measc). Más maith leat cruthúnas, breathnaigh ar an suiomh seo, atá liosta iomlán iarrthóirí breithiúna sa chontae, agus a meastacháin óna comhluadair barra áitiúla.