Showing posts with label timpeallacht. Show all posts
Showing posts with label timpeallacht. Show all posts

10 October 2007

Ní comhartha an fhómhair, ach comhartha éigin...


Dhreap siad ar bhfoirgneamh den stocmhargadh moch ar maidin, agus scaoil siad comhartha mór le teachtaireacht i gcoinne cúpla comhlacht. Dúnadh na sráide timpeall air, agus na póilíní agus na fir dhóiteáin i ngach áit.
Bhí a lán suim ag na daoine sa sráid:







Agus mise ar eagla nach mbeadh rud le thaispeáint dóibh inniu!

08 August 2007

An rud atá de dhíth ar an domhan anois...


An samhradh seo i Chicago, tá taispeántas ealaíne le feiceáil ar sráideanna an bhaile. Cool Globes a tugtar air, agus sin iarracht eolas a chur ar na daoine faoi téamh domhanda. Tá mórán comhchruinní snáthghloine maisithe de réir an téama sin.

Seo sonra chinn díobh. (Is maith liom na béir bána.)

23 May 2007

Cad é atá cearr leis an iomhá seo? - Cuid a dó


a) Ní bheidh siad ábalta an cludach a dhúnadh ar an Dumpster.
b) Tá na francaigh in easnamh.
c) Níl sé cóir an bosca athchúrsála a chaitheamh amach san bosca bruscair.

09 May 2007

Éalú ón áth-fhorbairt


I ngar do mo hoifig, tá iarsmaí an tsean-comharsanachta. Tá Cal's Liquors (eischeadúnas) ina príomhshampla. Tá an siopa sin ceangailte leis an bar béal dorais, ata é féin ceangailte leis an bialann (amhrasach) béal dorais dar ainm Pepper's. Má ordáinn tú bia i Cal's Bar, tiocfaidh sé fríd poll sa mballa idir Cal's agus Pepper's. Tá cuma chomh salach ar Peppers nár íosfadh mé riamh ann.

05 May 2007

Bruscar contúirteach



Cúpla uair sa bhliain, tá bailiúchán bhruscair teaghlaigh contúirteach sa cheantar. Bailítear ceimiceáin grianghrafadóireachta, lotnaidicídí, tuirpintín srl. Is oibriú gasta agus rianúil.


Tiománaigh tú trí clóis páirceála mhóir; treoraítear tú i línte go dtí grúpa daoine in éadaí bána. Oscail an boot/trunk agus tógann siad gach rud amach go tapa. Is amach leat, glan agus slán.