25 December 2010
24 December 2010
Cá bhfuil na bronntanais?
Feicim go raibh duine mífhoighneach ag lorg bronntanais faoin gcrann Nollag ar maidin!
Bhuel, mar a dúirt an fear seo (um 1:15), tá siad "ag tafann suas an chrann mícheart".Oíche Nollag shona d'achan duine!
23 December 2010
Fear nó Fia?
Seo Ted. De gnáth, is fear coitianta é, státseirbhísí i bhfoirgneamh ard i lár na cathrach. Ach uaireanta, nuair atá trioblóid nó buairt ann, láithríonn Fear-Fia, Fear na Freagraí, Fórsa Fealsúnachta, Fuascailteoir Fadhbanna -- chun gach rud a réiteach.
Published with Blogger-droid v1.6.5
19 December 2010
Eilimintí maidine compórdach
Tosnaítear le caifé dubh laidir, uachtar agus oráistí.
Ansin, crosfhocal mór an Domnaigh agus cúpla leabhair a bhí ar intinn agam iad a léamh.
Agus dar ndóigh, mise ag caitheamh m'fhallaing folctha teolaí.
Published with Blogger-droid v1.6.5
18 November 2010
Bhí lón blasta againn
Cé a dúirt nach bhfuil bia blasta ag na Sasanaí? Cainneann in anlann cáise...
... rósta muiceola, cabáiste agus bagún, cairéid agus prátaí rósta. Rinne ár gcairde béile iontach dúinn. (Leis an fhirinne a rá, ní aimsím difríocht mhór idir é seo agus béile a gheobhainn in Éirinn.) Blasta ar aon nós!
... rósta muiceola, cabáiste agus bagún, cairéid agus prátaí rósta. Rinne ár gcairde béile iontach dúinn. (Leis an fhirinne a rá, ní aimsím difríocht mhór idir é seo agus béile a gheobhainn in Éirinn.) Blasta ar aon nós!
11 November 2010
Na céad torthaí ón ceamara nua
Goideadh mo cheamara póca coicís ó shin. D'ordaigh mé ceann nua, an ceamara comhionann mar ba bhreá liom é. Tháinig sé aréir, agus seo iad na chéad grianghraf a rinne mé leis.
Clúdach an fhannchlúmháin.
Dhá súile
An chomharsanacht faoi dhusma maidine fómhair.
Duilleoga mailpe. Tá siad buí mar an ghrian,
ach is maith liom a scáthchruthanna chomh maith.
ach is maith liom a scáthchruthanna chomh maith.
16 October 2010
Ómós do Micheál ár Múinteoir
Cothrom an lae inniu cailleadh Michael Mc Mechan, scoláire den scoth agus múinteoir Gaeilge dúthrachtach i Siceago le blianta. Má bhí aithne agat air, le do thoil, fág cuimhneamh nó smaoineamh ar a shon anseo mar tuairim. Ar dheis Dé go raibh a anam.
15 October 2010
Brioscaí blasta
Uaireanta ceapaim nach bhfuil bia dúchasach Meiriceánach ann. Ach is é sampla maith iad na brioscaí seo. Déantar le im piseanna talún iad (agus cuid mhaith im agus siúcra). Cuirtear cros orthu le foirc go coitianta, agus itear le gloine bainne tar éis lá scoile iad.
Published with Blogger-droid v1.6.0
09 October 2010
Is breá liom an tír seo!
Ní chuala mé an scéal iomlán. Ach dúirt sí go raibh coimhlint ar siúil idir sise agus fear éigin dá cuid cairde. Ní fheadar cad a rinne siad chun an t-airgead a bhailiú? Agus cá háit a chuireadh é ar an bhfear siúd?
06 October 2010
18 September 2010
Féile fómhair nó faill fiántais?
Bíonn mórán féilte Oktoberfest ar siúil faoi láthair. Tagann na daoine le chéile na laethanta deasa deireanacha an tsamhraidh, agus ólann siad a lán beorach. Tá sé mar sna féilte Gaelacha nach mór. In áit éadaí glasuaine, feictear lederhosen agus hataí Tyróileacha, agus dirndl corruair. In áit damhsa steip, polca agus Ólé-ólé (agus Neil Diamond - mínigh dom é sin, le do thoil). Ein, zwei, chupa!
Published with Blogger-droid v1.5.9
16 September 2010
Borróga bídeacha blasta ag bogadh
Chuala mé faoi agus léigh mé faoi, ach is é seo an chéad uair a bhfaca mé trucail cupcake ariamh. Tá sé shaghas cístíní ar fáil acu; roghnaigh mé seacláide le Nutella. Má tá na cístí beaga, níl an praghas chomh bheag sin: $3.25 an ceann! Is é seo an chéad trucail bia i Chicago (creid é nó ná chreid).
http://www.flirtycupcakes.com
http://www.flirtycupcakes.com
Published with Blogger-droid v1.5.9
13 September 2010
Am ithe
Go coitianta, feictear rudaí ó dhearcadh amháin. Tagann cuma eile orthu má amharcann tú ó áit nua, nó má amharcann tú go géar orthu.
An ghnáth-pheirspictíocht ar an gcomhartha neoin clasaiceach seo.
An ghnáth-pheirspictíocht ar an gcomhartha neoin clasaiceach seo.
08 September 2010
Grian maidne ón mbus buí
Ag tiomáint abhaile an maidin seo, stop mé ar solas tráchta i ndiaidh bus scoile. Bhí mé gafa le mo smaointe féin, ach ansin d'airigh mé triúr páistí scoile gealgháireacha ag croitheadh a lámh chun beannú dom! Bhain siad gáire asam, bhí siad chomh croíúil sin.
07 September 2010
Is amhlaidh a mhionaíonn an briosca
Bhí an t-ádh ag Chrissie. Cheannaigh a máthair briosca ollmhór dí. Bhí an briosca seo chomh mór is a ceann! Ach níl gach rud dathúil spraíúil; fuair sí amach nach raibh an briosca chomh h-úr sin, agus thit sé i smidiríní nuair a bhain sí greim as.
06 September 2010
Lása ar an líne
D'úsáid mé an líne níocháin nua den chéad uair inniu. Ní líne atá ann, tá cuma crainn nó scátha fearthainne uirthi. Tá sí mar a chéile leis an ceann a bhí ag mo sheanmháthair nuair a bhí mé óg. Bhí mé iontach sásta na h-éadaí a triomú amach faoin spéir agus lá breá gaofar ann.
02 September 2010
An citeal ag canadh
Oicé, ní scannán mór atá ann, ach rinne mé an maidin seo é, roimh fainne an lae. Bainigí sult as.
31 August 2010
An slánaitheoir sioctha
Tá cros chéasta an-shuimiúil san eaglais ina raibh muid ag cleachtadh cheoil. Tá cuma coinlín reo air.
Níl béim curtha ar an bhfulaing sa dealbh seo, measaim, ach ar an slánú.
Níl béim curtha ar an bhfulaing sa dealbh seo, measaim, ach ar an slánú.
30 August 2010
Slat óir
Is siombail dheiridh an tsamhraidh dom í, an tslat óir. Nuair a bhí mé an-óg, cheannódh mo mháthair bloc páipéir buí a dtugadh "Goldenrod Tablet" air, ar dheireadh mí Lúnasa, leis na soláthar scoile eile.
29 August 2010
Túr beorach
Tá ár mbaile "trí fhéile" an deireadh seachtaine seo, le ceol sna sráideanna agus an pobal amach faoin spéir. Agus tá na hailtírí amaitéarach ag déanamh a gceird le pé ábhar atá in aice láimhe.
Published with Blogger-droid v1.5.5.2
26 August 2010
Sclábhaithe pheisteo
Bhí an cóisir bhliantúil pheisteo ar siúl ag ár dteach anocht. Fuair mé clúdach philéir piliúir lán de basal ag an margadh. Thug muid cuireadh don ár gcuid cairde agus réitigh muid peisteo le chéile. Seo iad na fir bochta ag ullmhú an cáis.
Published with Blogger-droid v1.5.4
22 August 2010
Gaoth laidir!
Ceathrar fliútadóirí ag an bhFéile Ghaelach Milwaukee: Brett Lipschutz, Meaití Jo Shéamuis, Gearóid Ó Mhórdha, agus Asher Gray.
Published with Blogger-droid v1.5.4
Acadamh Cheoil Ghaelach Chicago
Le triúr fidléirí, viola, agus cello, tá fuaim spéisialta ag an grúpa daoine óige seo.
Published with Blogger-droid v1.5.4
21 August 2010
Myserk i Milwaukee
Ceol an-dheas ón ghrúpa áitiúil seo, Myserk. Cóirithe áille ar fad.
Published with Blogger-droid v1.5.4
20 August 2010
Gaeltacht Milwaukee
Ag Féile Ghaelach Milwaukee, caithim a lán ama ag an bpuball Gaeltachta. Seo ceolchoirm/seisiún le Ray Ma Mánais, Johnny Óg Connelly, Meaití Jó Shéamuis, agus Gearóid Ó Mhórdha. Binn!
19 August 2010
Nach deas tusa a fheiceáil!
Ó sea, táimid ar ais ag Fhéile Ghaelach Milwaukee. Is é an 30ú eagrán i mbliana. Tá a lán daoine ag caitheamh éadaí glasuaine agus accessories greannmhara de gach saghas. Déanfaidh mé iarracht blas an fhéile a chur amach le roinnt grianghraif.
13 August 2010
Dánlann drithlíní
09 August 2010
Cuireadh chun dinnéir
Rí an ghairdín
Bhí tráta ann tráth
A chuir é féin i bhfáth
De bharr a chraiceann mar lasair
Bhí sé ramhar is cruinn
Ina rí ar an rinn
Is ar dheireadh an scéal bhí sé blasta.
01 August 2010
Draíocht drúchta
24 July 2010
Naói nua-aimseartha
Chonaic mé é lá roimh tús an stoirm baistí atá ag titim go trom anois. Bhí sé ag ceannach soláthar ag CVS, is dóigh liom. Ach níl sé chomh fial leis a shinséar; níl mórán spáis aige le cineálacha éagsúla a thabhairt ar bord leis. Nach fíor go bhfuil muid ag cailliúint bithéagsúlachta na laethanta seo?
7 Agus a dubhairt an Tighearna, Sgriosfuidh me an duine do chruthaidh me ó aghaidh na talmhan; ar áon an duine agus an beitheach agus an ni shnámbus agus éunlaith an aiéir; óir as aithreach liom a ndéunamh. 8 Ach fuair Naói grása a bhfiaghnuise an Tighearna.
17 July 2010
Sos caifé i Winona
Ní fheadar cén fáth go bhfuil bia i ngach grianghraif déanta agam le déanaí? Ach nach alainn an shortbread seo?
Subscribe to:
Posts (Atom)