18 May 2010

Lile na ngleanntán

Ní gá dom an t-ábhar a chur i lár báire
nuair a eagraíonn mé grianghraf,
ach tá eisceachtaí ann ó am go ham.
Ba é an bláth is ansa le mo mháthair,
A bholadh deas mar cuimhneachán.

17 May 2010

Bailíonn brobh beart


Vanhoutte spirea ag teacht i mbláth faoi láthair, agus tá lánaí sneachtúla le feiceáil sna seanghairdíní i lár an bhaile.
Agus tá gach bláthín chomh mín sin!

13 May 2010

Lá báistí

Níor cheap mé gur thit an méid sin báistí, ach tá an crosbhóthar is giorra den stáisiúin traenach faoin uisce.

Nach deas é

Tá clós páirceála breá nua á thógáil i lár an bháile. Níor leagadh ach seantheach galanta, oifig ailtíreachta, eaglais Caitliceach Meicsiceanach agus reactaire chun é a dhéanamh.

09 May 2010

Damhsa an gliomaí


Tháinig dream as Nova Scotia go dtí an Fhéile Cheilteach Chicago, agus thug siad a ngliomach leo.

Faoin "Bean"

Bhí an lá fliuch agus fuar. Chuaigh dream mór ar foscadh faoin dealbh "Cloud Gate" atá leasainm "The Bean" air.

06 May 2010

Tús maith leath an oibre

Fuair mé an duilleog darach bheag seo ar an talamh. Tá iontas orm go bhfuil sí chomh foirfe sin agus í chomh úr.

05 May 2010

Bhí an méid sin ocras orm!

Ar dtús, ní raibh ach ré-ocras orm, mar sin ghabh mé sneaic sa bhforais.
Ach nuair a d'aithin mé go raibh mé stiúgtha leis an ocras, bhí uaim béile níos substaintiúla.

Feicfidh mé an fiaclóir an tseachtain seo chugainn.