Showing posts with label caifé. Show all posts
Showing posts with label caifé. Show all posts

24 January 2011

Leath builín, leath cupán...

"Is fearr leath builín na bheith gan arán", a deir an seanfhocal. Moch ar maidin inniu agus mé cráite le tuirse agus slaghdán, stop mé ag an Starbucks sa stáisiún traenach. D'ordaigh mé "grande misto" (café au lait) agus d'fhan mé go foighneach.

Cé nach raibh ach beirt romham, níor thosaigh an barista mo dheoch agamsa fiú a ullmhú tar éis cúpla nóiméad. Mar sin, nuair a chonaic mé an traein ag droideadh isteach sa stásiún, dúirt mé leí an leath-chupán caifé gan aon bainne ann a thabhairt dom agus amach liom.

Ní bhíonn aon deifir ar lucht an Starbucks sin, cé go bhfuil siad suite taobh istigh de stáisiún traenach.

Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil an leath-chupán caifé seo maith go leor.
Published with Blogger-droid v1.6.5

19 December 2010

Eilimintí maidine compórdach

 
Tosnaítear le caifé dubh laidir, uachtar agus oráistí.
 
Ansin, crosfhocal mór an Domnaigh agus cúpla leabhair a bhí ar intinn agam iad a léamh.


Agus dar ndóigh, mise ag caitheamh m'fhallaing folctha teolaí.
Published with Blogger-droid v1.6.5

22 June 2010

Maidin mhaith!

Nó "Ball ó Dhia ar maidin ort," más fearr leat. Caifé amuigh ar an deic, na trátaí ag fás, agus ceol na héin níos airde ná torrán na tráchta fós.

29 July 2008

Cé chomh sean atá an cappucino seo?


Fágann an uanán fáinní donna sa chupán mar i stoc crainn.

13 February 2008

03 August 2007

Sonas i cupán


Admhaighim é: is yuppie mé. Is chomh breá liom an patrún déanta sa chúr ar barr na lattes ag an caife Intelligentsia i Chicago. Idir blath agus raithneach é.

14 April 2007

13 Aibreán 2007


Ag Intelligentsia Coffee déantar na lattés is áille sa domhan. Tá siad blasta freisin, agus tá siopa caifé deas beag acu in ngar leis an oifig. Nuair a ólaim latté maith, mothaíonn mé fuinneamh ag rith tríd mo choirp. Is druga é an caifé, gan dabht!