Showing posts with label comhartha. Show all posts
Showing posts with label comhartha. Show all posts

14 February 2013

Grá agus gréisc

Níl aon rud chomh rómánsach leis an Caisleán Bán. Nach gcuirfeadh sleamhnaitheoir nó dosaen fonn ortsa?

09 May 2011

Botún buí (nó cé hí Lina?)

Nuair a bhí muid i mBaile Átha Cliath, ní raibh neart agam air, bhí mé ag lorg focail ar bith as Gaeilge i ngach áit. Saghas turasóir teangeolaíoch ab ea mé. Féach: "Seachain an Bhearna" - súmhar! 

Nach trua é, nuair a dhéanann tú botún, go dtarlaíonn sé in áit thar a bheith poiblí, i litreacha móra buí?

08 April 2011

Is maith liom tae!

Roimh ár dturas, rinne mé taighde faoi praghas bhosca mór Barry's Tea (an branda tae is fearr liom) in Éireann. Anseo, íocann mé um $8 le 80 mála tae. Fuair mé 160 mála le €6.29 (um $9.06) ag Tesco. Nach sásta atá mé! (Fiú mura bhfuil "Karen's Tea" le feiceáil ar an gcomhartha fógráin.)

13 September 2010

Am ithe

Go coitianta, feictear rudaí ó dhearcadh amháin. Tagann cuma eile orthu má amharcann tú ó áit nua, nó má amharcann tú go géar orthu.
An ghnáth-pheirspictíocht ar an gcomhartha neoin clasaiceach seo.

02 April 2010

Aire in airde!

Chuaigh muid go teach tábhairne nua sa cheantair. Ní raibh iontas orainn "Céad Míle Fáilte" a fheiceáil os cionn an phríomhdhorais. Ach ní raibh muid ag súil le Ardaitheoir agus "suas" agus "síos" air! (Chuir sé i gcuimhne dom Des Bishop agus é ag caint faoi thuas, thíos, suas, síos, agus an teaghlach meabhlach iomlán sin.)

18 January 2010

Mórán cótaí = cóisir mhaith


Is comhartha muníneach é spraoí na cóisire an méid cótaí atá ar an leaba sa seomra aíonna.

16 September 2009

Drúcht na maidine


Níl an radharc seo chomh pictiúrtha ná braon drúchta ar bhláth nó ar dhuilleog, ach tá sé sonraíoch go leor, gach braon ina sholas geal beag.

23 August 2009

Féar factor


Níl rud ar bith níos fearúla ná fear a bhfuil boladh féir air...

21 August 2009

Stáplaí


Is maith liom an mothú déanta le na mílte stápla crochta ar cuaille teileafón i rith na mblianta. Bhí comharthaí an tráth, le seirbhísí, rothair le díol, arasáin le ligean ar cíos.

Níl fágtha anois ach stáplaí meirgeacha.

20 August 2009

Cén treo chuig an chlós páirceála?


Ar aghaidh céad troigh agus ansin ar dheis... nó ar dheis tríocha troigh agus ansin ar chlé?

17 November 2008

Cad atá tú ag dearcadh air?


Chonaic mé an crèche deas seo i bhfuinneog siopa. Agus taobh thiar de, ar an mballa, comhartha suimiúil a dhéanfaidh mé iarracht aistriú dóibh:

Éirítear fiú "Christmas"ciotach le rá le mórán daoine.

Nach aisteach é sin? Ní dhéanann muid ach onórú gine Íosa Críost ag Christmas, mar a dhéanann an formhór inár dtír. An easonóraímis na creidimh eile á rá? Ar ndóigh nach easonóraímis. Theagasc sé dúinn grá agus onóir a thabhairt don saol mór, do gach creideamh. Agus sin a dhéanann muid. Agus dá dhéanamh, seasann muid inár gcreideamh féin.

Go mbíodh Nollaig shona duitse agus do chách is ansa leat. Go dtaithímid uile na fírinní a theagasch an Críost dúinn. Agus go mbíodh ár ndomhan níos fearr, agus níos gile, do chách.

Friotal cosantach agus carthanach ag an am céanna. Sin an áit a bhfuil muid anois.

24 August 2008

Jab shróin don cailín salainn Morton?



Bhuel, tá sí á athrú uair arís eile inniu, de réir dealraimh.

13 August 2008

Dúil créipeanna







Cárbh as an dúil créipeanna a tháinig orm go tobann?

28 July 2008

Leigheas leachtach?


Cheap mé b'fhéidir gur biotáille a bhí i gceist ag an siopa fhiona i Printers' Row. Ach dúirt siad gur sean-phoitigéar atá ann, mar sin chóinnigh siad an cuid den comhartha ar son árachais. Is mian liom an bréag ná an scéal fíor.

13 January 2008

Tá na laethanta saoire thart i ndáríre

Bhí mé ag spaisteoireacht agus thug mé faoi deara na trí chomhartha seo sa gháitéar:

Oíche Shamhna

Nollaig

An AthBhliain.

20 December 2007

An Rós Deireanach


Nuair a téinn go Chicago agus mé ar laethanta saoire ón ollscoil, déanfainn oilithreacht chun Rose Records, an siopa ceirníní is mó sa gcathair. Faighinn ceol clasaiceach, snagcheol, ceol tíre, ceol traidisiúnta ó gach cúinne an domhain. Nuair a cheannaigh Tower Records an sraith, ní an siopa céanna é a thuilleadh. Dhúntaí na siopaí Tower anois. Fuair mé an sean comhartha nocht seo taobh amach den bunshiopa sa sraid Wabash, thíos an El. Slán go deo, na laethanta sin, parthas na ceirníní!

16 December 2007

Le hais a chéile


Bhíomar ag tiomaint trí Skokie (fo-bhaile Chicago a bhfuil daonra Giúdach tromlaigh ann) nuair a chonaic mé na comharthaí seo i ngar dóibh chéile. Insíonn an phictiúr seo an scéal iomlán, dar liomsa. Bíonn na tradisiúin Giúdacha ag cuimhlint leis an gcultúr tromlaigh Méireceanach; cultúr Críostúil agus tráchtálach é. Bíonn imní i gcónaí ar na dtuismitheoirí nach bhfanfaidh na daoine óga sa reiligiún. Mhealltar iad leis an inneal iomlán Nollag a siúlann gach bhliain anseo. (Is cór le rá go bhfuil an fadhb céanna ag na Críostaithe nach bhfaigheann a luachanna sa nós sin ceiliúrtha).

18 October 2007

Smidiríní


Díothaíonn an comhlacht seo luchóige agus francaigh. Cuireann an comhartha i gcuimhne dom an cartúin sean "Klondike Kat" toisc go déireadh sé: "Déanfaidh mé smidiríní den luchóg sin!"