Showing posts with label Milwaukee. Show all posts
Showing posts with label Milwaukee. Show all posts

26 February 2011

Ag lorg torthaí an toghcháin


Published with Blogger-droid v1.6.7
Chaith muid lá iontach i Milwaukee ag Lá na Gaeilge UWM. Bhí an t-ionad Hefter níos álainne ná riamh faoin sneachta, agus ranganna Gaeilge (trí leibhéal) ar siúl i rith an lae. Chonaic muid cairde nach bhfeiceann muid ach cúpla uair sa bhliain ann. Bhí léacht suimiúil faoin gcruicéad le Brian Ó Conchubhair, agus léacht faoina meáin chumarsáide Gaeilge le Shane Curran. Agus, dár ndóigh, gach uair a bhí sos againn, bhí muid ag breathnú ar an ríomhaire chun torthaí na toghchán in Éireann a léamh.

22 August 2010

Tá trí fhoireann ann : póilíní Milwaukee, fír dóiteáin Milwaukee, agus póilíní Wauwatosa.
Published with Blogger-droid v1.5.4

Gaoth laidir!

Ceathrar fliútadóirí ag an bhFéile Ghaelach Milwaukee: Brett Lipschutz, Meaití Jo Shéamuis, Gearóid Ó Mhórdha, agus Asher Gray.
Published with Blogger-droid v1.5.4

Acadamh Cheoil Ghaelach Chicago

Le triúr fidléirí, viola, agus cello, tá fuaim spéisialta ag an grúpa daoine óige seo.
Published with Blogger-droid v1.5.4

21 August 2010

Myserk i Milwaukee


Ceol an-dheas ón ghrúpa áitiúil seo, Myserk. Cóirithe áille ar fad.
Published with Blogger-droid v1.5.4

20 August 2009

Cén treo chuig an chlós páirceála?


Ar aghaidh céad troigh agus ansin ar dheis... nó ar dheis tríocha troigh agus ansin ar chlé?

19 August 2009

Néal focal


An clár dubh sa rang Sult ag Ray Mac Mánais an tseachtain seo caite. Bhí mais criticiúil Gaeilgeoirí ann, mar sin bhí seimineár breá teanga againn.

18 August 2009

Lá geal i Milbhácaí


Spuaic ar foirgneamh i lár na cathrach i Milbhácaí. Iontas na n-iontas, aontaíonn na dhá aghaidh le chéile - leathuair tar éis a hocht.

17 August 2009

Cuibhrithe


Chonaic mé an foirgneamh seo ceangailte le cáblaí i Milwaukee. Chuala mé go bhfuil sé mar sin le bliain ar a laghad. Tá sé ina suí ar cineál trucaile; an aistreofar é lá éigin?

22 August 2008

Rí na n-oinniún


"Ní le faocháin ná le bairní ná le blath na scalliún dearga
A mheall mise Máire Mhór, ach le...
...Onnúin friochta chomh mór leis a ceann dheas chatach!"
Is breá liom na n-oinniúin, agus ní sheachaim an bia friochta, ach cuirfeadh béile mar sin tinneas goile orm an chuid eile don lae!

21 August 2008

"Arf!" arsa Sandy


An cuimhin leat Sandy, an madra sa sean stiallchartún "L'il Orphan Annie"? Deireadh sé "Arf!"

Bhuel, ag an Fhéile Milwaukee i mbliana, bhí taispeántas brocairí ann. Nuair a d'éist mé leo, bhí siad ag rá "Arf", go soléir.

Ní nuacht an-mhór é sin, ach bhí mé sásta go raibh an fuaim cruinn ag Harold Gray nuair a thug sé guth do Sandy sa Chicago Tribune ochtó bliana ó shin.

Dála an scéil, chualamar píosa ar an raidió faoi Bill Berloni, an fear a thraeneáil na madraí chun an ceoldráma Broadway "Annie!"

20 August 2008

Ag éisteacht


Tugann Seán agus Tadhg aire dona imeachtaí sa phuball Gaeltachta ag féile Milwaukee.

19 August 2008

Damhsóir óg


Is damhsóir nádúrtha é, gan teagaisc, gan cotadh. Go maireann sé mar seo ar feadh a shaoil!

18 August 2008

Tadhg Mac Dhonnagáin


Ba é Tadhg Mac Dhonnagáin ball den ghrúpa ceolteoirí Gaelacha a tháinig do Milwaukee le haghaidh an fhéile. Chas sé roinnt amhráin le haghaidh páistí, agus léigh sé dánta óna leabhar deas Aniar.

17 August 2008

Ag damhsa i mí Lúnasa


Taispeántas damhsa ar a sean nós sa phuball Gaeltachta ag an Fhéile Éireannach Milwaukee. Ón chlé: Ryan, Brían, Caitríona, agus Barney. Bhí Brían ag múineadh an damhsa ag an scoil samhraidh an seachtain roimh an fhéile.

16 August 2008

Am na lúibíní


Lúibín Ó Lú agus...

...Lúibín Ó Laoi

Thugann Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill sampla den saghas amadántacht atá sna lúibíní ag Oireachtas na Gaeilge do lucht féachaint Milwaukee.

15 August 2008

Go leor beorach


Nach laoch laidir é, an duine atá in ann dosaen beoracha a iompar agus atá fairsinge fágtha aige ina phóca le buidéal amháin eile.

14 August 2008

Chonachthas ag Féile Éireannach Milwauke

Nilim cinnte go maith liom é, ach is rud eile é na na slogans dura faoin óltas a bfheicim go coitianta ag na féilte.

13 August 2008

Dúil créipeanna







Cárbh as an dúil créipeanna a tháinig orm go tobann?

12 August 2008

Ó ghlúin go glúin


Chonaic mé an foirgneamh seo i lár Milwaukee, a insíonn stáir na comhlachtaí teileafón sa tír seo. Ar bharr an bhalla: an Comhlacht Ghutháin Wisconsin. Faoi sin: Córas Bell. Ar bun: AT&T (Teileafón agus Teileagraf Mheiriceá).