23 December 2008

Madra ag an margadh


Nuair a chuaigh mé chuig an margadh Nollag Gearmáinis i Chicago, bhuail mé le madra mór ag caitheamh parca agus ag ól caife.

22 December 2008

Tá an sorcas imithe


Ón lá a tháinig mé ar ais go dtí an oifig tar éis an toghcháin, bhí i bhfad níos mó gardaí agus baracáidí timpeall an cheantair ná go coitianta. Stopadh an trácht cúpla uair sa lá, agus ní úsáideadh ach doras amháin chun dul isteach. Bhí mo chomhoibrithe ag breathnú ar na motorcades gach lá. Ach inniu is é an chéad lá gan an sorcas, toisc go bhfuil sos tógtha ag an foireann idirthréimhse go dtí mí Eanáir.

Cé hí?


Níl an criathrú slándála an-láidir inár bhfoirgneamh. Tháinig mé mar a bhfeiceann tú ach níor iarr an garda orm dímhascadh chun comparáid a dhéanamh idir mo chárta aitheantais agus mo aghaidh féin. An rud is measa: ní gá dona oibrí le cártaí dul tríd an brathadóir. Níl ach cosúlacht slándála atá ann.

07 December 2008

Oíche dheacair


Is iad ailléirgí a chuir isteach ar mo chodladh; bhí mé ag sraothartach arís is arís go dtí a bhí Kleenex craptha scaipthe thart mar sneachta.