Bhuail mé leí agus í ag siopadóireacht le gúna nua. Bíonn meascán aoiseanna, dtíortha, agus cultúrtha ag cruinnithe den sórt seo. Go coitianta, cloisim blais Sasanaigh agus ceol Éireannach.
Uair nó dó sa bhliain, nuair a dtagann muid chun ionad Éireannach an Satharn, tá an carrchlós beaghnach lán. Is léir go bhfuil grúpa mór ag cruinniú ann. Agus is éasca fháil amach cén grúpa atá i gceist. Féach ar na n-uimhirphlátái: Agus féach ar na ngreamaitheoirí: Nach bhfuil a fhios agat fós? Sin é! An "Society for Creative Anachnronism" atá ann.
Tháinig ealta lasairéan plaisticheach bándearga go dtí gairdín an chomharsan. Ní barúil agam cad a itheann siad. Péisteanna glóthacha, bfhéidir? Piseánach talún pacála?
Seo an radharc ón gcistin tí mo thuismitheoirí. Shíothlaigh mo mhathair inniu. Tá súil agam go mbeidh caifé laidir te leí sna flaithis. Bhí sí ag feitheamh go crua leis.
Lá fliuch agus te i Chicago i mí Eanáir. Shocraigh mé in aice an choirnéil agus d'fhág mé na daoine. Stealltar mé amach agus amach; bhí sé tuillte agam, gan dabht, agus mise cois shlodáin mar sin.
Cúpla bhliain ó shin, chuirtear comharthaí nua ag an crosaire comhréidh. Seachas cloig fíora, tá taifeadadh cloig ann. Nach cliste é sin? A fhad agus an aimsir tirim, maith go leor. Áfach, nuair atá an aimsir fliuch, is cosúil go bhfuil na comharthaí tinn. Cuireann siad meamhlach mhasmasach in áit ceol callánach. Éist leis tú féin; cad a cheapann tú?
Bhí mé ag obair go déanach. Seo an amharc ó mo fhuinneog nua san oíche. Ón chlé: cuid beag den fhoirgnimh "císte bainise", an Bord Trádála, agus an Túr Sears. Seo Ceres, bandia an fómhair sa miotaseolaíocht Rómhánach.
Nuair a bhí mé i rang fótagrafaíochta, chros an múinteoir orainn íomhá saothar ealaíne a dhéanamh. Bhíomar ann chun ár gcuid ealaíne féin a chruthú. Bhuel, gabh mo leithscéal an uair seo. C'était plus fort que moi. Nach deas na milseóige? Ach cé hí an duine atá ag síneadh a lámh chun an ceann ar dheis...?
Toisc go bhfuil an teach cuíosach sean (céad bhliain d'aois, má tá an cáipéis le creideamh), cuirimid screamh plaisteach ar na fuinneoga sa gheimhreadh. Cuirtear stad lena siorraidh mar sin, agus ní caillfear an oiread sin teas.
D'aimsigh muid go taobh eile den fhoirgnimh seachtain ó shin. Tá fuinneog agamsa ar dheireadh!! Agus seo an amharc. Sin Ceres ar barr an fhoirgnimh Chicago Board of Trade, agus ar dheis, an Túr Sears ar ndóigh. Beidh sé i bhfad níos deacra anois obair go dian mar is cóir dom...
Níl sé éasca cuma banúil a bheith ort nuair atá tú i bhfolach faoi cóta mór trom gheimhridh, ach éiríonn leis an bhean seo le scairf agus mála agus fiú buataisí bándéarga.
Ní maith liom na cótaí fionnaidh. De bhreis ar an gceist eiticiúil, tá siad gránna an cuid is mó den am. Agus má tá tú beathaithe, níl siad feiliúnach ar chor ar bith.
An chéad lá den bhliain úr agus feac le déanamh ach bheith ag amharc ar an sneachta ag titeamh an lá iomlán. Tá sé go hálainn, go háirithe nuair nach bhfuil brú orm dul amach! Thit timpeall 15 cm sneachta i rith an lae. Feicim cúpla daoine ag glanadh an cosán. An bhfuil siad aidhmeannach nó dubh dóite? Nó an bhfuil sásamh éigin snowblower cumhachtach a úsaid?