
Sa traein ar maidin. Níl ach lá tipiciúil ann. Tá an bhean romham ag caint gan stad leis a comrádaí. Bean bhreá dheachóirithe í, ach éiríonn a aghaidh díchumtha agus í ag cúlchaint ar dhuine óna oifig (bean eile, ar ndóigh).
Is peaca trom é, an lashon ha-ra (sin an téarma Giúdach de). Gortaitear trí dhuine: an ceann a insíonn an scéal, an ceann a chloiseann é, agus an ceann a labhraítear faoi.