D'aimsigh an fear siúd coimeádán cliste chun a thicéad a thaispeáint don seoltóir gan é a bheith dúisithe óna néal codlata.
Má thagann sé ó chrios H, tá turas 44 míle (70 km) aige gach maidin. Guím codladh breá suaimhneach air. Is maith an rud go roghnaigh sé an carráiste ciúin. 17 April 2012
"Táimse i mo chodladh is ná dúisigh mé"
15 April 2012
Tá na smailtíní ar ais!
Is breá le lucht iascaireachta Chicago na smailtíní. Tagann siad i mí Aibreáin agus téitear amach san oíche nó an-luath ar maidin ar bhruach Loch Michigan chun iad a mharú. Tá siad an-bheag agus itear go hiomlán iad.
Laghdaíonn a n-uimhreacha na laethanta seo, ach is traidisiún é fós dul amach á dtóir i Chicago agus ar cósta Indiana chomh maith.
Lipéid:
bia,
Chicago,
earrach,
Gaeilge,
grianghraif,
iascaireacht
13 April 2012
Brúitín a dhéanamh... go tréanlámhach
12 April 2012
Cathair i ndrithlín
An rud is fearr liom i Millennium Park i lár na cathrach Chicago ná an dealbh dar ainm "Cloud Gate". Tugtar "an pónaire" air ag chuile duine. Tá an barr fíorach le feiceáil go hiontach air, agus na daoine ar an bplás chomh maith.
Tá an chuma air go bhfuil mé i gceartlár an domhain!
Subscribe to:
Posts (Atom)