skip to main |
skip to sidebar
Dearc thuas ó am go ham i Chicago agus feicfidh tú na stáisiúin "El" mar an ceann seo ar,uh... os cionn na sráide Quincy. Is maith liom na colúin. Níl siad éasca le fheiceáil, ach tá siad ann ar aon nós.
Cuireann an radharc seo i gcuimhne dom ar Rue de Paris par temps de pluie ó Gustave Caillebotte. Sin an rud is deise is féidir liom a rá faoin duartan a tharla uair eile inniú ar an nóiméad ceannann céanna a d'fhág mé an oifig!
Thosaigh sé ag stealladh báistí go beacht ar dheireadh an lae. Shiúil mé an míle idir an oifig agus an stáisiún--ní raibh tacsaí ar bith ar fáil, ar ndóigh. Bhí mé i mo líbín báite nuair a shroich mé an traein. (Psst - ar an ngrianghraf seo, an bhfeiceann tú dhá scáth fearthainne ionann?)
Seo an císte is urghránna a bhfaca mé le blianta. An sruth liath reoáin, fir grinne, réinfhianna faoi crainn pailme, agus capall bán neamhdhóchúil ann ina measc.
Tá ceann de na fir grinne ag bá san abhainn siúcra; is cuma liom mar ní maith liom na fir grinne. Ní greannmhar iad seachas scanrúil.
Déarfá go tógtar an foirgneamh seo le haghaidh scáthán na haimsire. Tá na néalta iontach glé ann.

Mar plandaí sa spéir...
Nuair a bhfeicim seancharr mar an ceann seo leis a chuid seodra chróim, bogann an saol go dubh agus bán.