01 March 2012

An maith leat Krampouezh?

Gheall mé pancóige Bhriotánaí a ullmhú le haghaidh coisir an Domhnach seo chugainn. Tá dhá shaghas pancóga: má tá siad déanta as plúr cruithneachta, tugtar crêpes orthu. Má úsáideann tú plúr lus na gcearc (buckwheat, blé noir) tá tú ag déanamh galettes (Krampouezhenn gwinizh du). Déanaimse galettes an t-am seo.
Mar is fada ó rinne mé iad, bhí cleachtadh uaim leis an trealamh iomlán:
  • bilig = crepière = grideall
  • gnon = ceirt rollte chun an grideall a bhealú
  • rozell = rateau =  saghas ráca adhmaid chun an fuidreamh a leathnú
  • spanell = spatule = spadal adhmaid chun na pancóige a iompú
 
Agus seo an toradh blasta!

03 February 2012

Scáileán gorm


Cuireann an amharc isteach orm:
Riomhaire le scáileán gorm

Is fuath liom an scaileán sin
Mar tá mo ríomhaire ag éirí tinn.

Bhí an PDF ró mhór
Ní fiú é ar aon scór.

Ní léifear cuig chéad leathanach
Mura gcuirtear radharc gnéis isteach.



Published with Blogger-droid v2.0.4

11 December 2011

Leathbhróg Luaithríona

Luath ar maidin, ar sráid ghnóthach Chicago, d'aimsigh mé bróga sáil airde ar an asfalt. "Leathbhróg Luaithríona," a cheap mé. Bhí sí ag cóisir sa Túr Willis (sean-Túr Sears) sa Metropolitan Club b'fhéidir, agus nuair a bhuail meán oíche, bhí sí fós ag rith amach ón bhfoirgneamh ard. Nó ag bacach mar is dócha.

08 November 2011

Tarraing d'anáil isteach go domhain

Is iad na huirlisí córa le haghaidh babhta traenála ióga: 
  • mata ióga
  • bríste ióga
  • tuáille
  • buidéal uisce
  • análóir asma
Tá mé réidh leis an cársán, leis an chasacht, leis an mí-chompord anála. Nuair a deir an múinteoir linn "Tarraing d'anáil isteach go domhain," tosaím ag casacht agus bristear dianmhachnamh na n-iógaí eile. Mar sin, táim ag tnúth go mór leis an chéad sioc crua.

16 October 2011

21 July 2011

Comhábhair anraith lachan

B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!

04 July 2011

Deryk sa deatach


Fear óg féasógach agus féachaint fiánta air
Dathanna dorcha ag duaithniú a dhreach
Ag tabhairt aire de na tine chnámh