Lasann Margareth na coinnle go sollúnta. Níl eagla uirthi roimh na lasáin.
28 January 2010
Ag lasadh na coinnle
27 January 2010
Gloine uisce gléigeal + gob gorm
Chinn mé an gob pinn a ghlanadh. Chuir mé i ngloine uisce é. Tá iontas orm nar aithrigh dath an uisce iomlán ina ghorm. Tá mar néal dúiche ann ar bun na gloine.
26 January 2010
Santa bocht!
B'fhéidir gur ól sé an iomarca, nó b'fhéidir nach bhfuil sé ach tuirseach traochta tar éis na féilte móra. Ach is feic saolta ceart é sa ghairdín mar sin!
25 January 2010
Réidh chun na sláintí
Cheiliúr muid brethlá Robert Burns ag Martyrs' i Siceagó. Tá trí ghloine fuisce ag fanacht ar an bpóidiam lena léitheoirí a bheidh ag fógairt sláintí ar son file náisiúnta na hAlban.
22 January 2010
Milseáin sushi
Tá na píosaí sushi seo bréagach. Ní go díreach; is milseáin iad, déanta as Rice Krispies agus éisc Sualannacha. Cliste, nach ea?
21 January 2010
Scuad na ngeocaí
Triúr geocaí riomhaire a chonaic mé ar maidin, leis a dtáibléid ar a dtóin. Bígí cúramach nuair a suíonn sibh síos, a leaids!
20 January 2010
Balla fuaime
(Gan Phil Spector) Chuaigh muid go siopa ceoil Guitar Works in Evanston. Bíonn uirlisí deasa ann, giotáir den chuid is mó. L'Arrivée, Martin, Bourgeois, Beneteau ina measc.
Subscribe to:
Posts (Atom)








