25 December 2010

Beannachtaí Nollag

Síocháin le achan duine, agus neart in éadan buairimh an tsaoil.

24 December 2010

Cá bhfuil na bronntanais?

Feicim go raibh duine mífhoighneach ag lorg bronntanais faoin gcrann Nollag ar maidin!
 Bhuel, mar a dúirt an fear seo (um 1:15), tá siad "ag tafann suas an chrann mícheart".
Oíche Nollag shona d'achan duine!

23 December 2010

Fear nó Fia?


Seo Ted. De gnáth, is fear coitianta é, státseirbhísí i bhfoirgneamh ard i lár na cathrach. Ach uaireanta, nuair atá trioblóid nó buairt ann, láithríonn Fear-Fia, Fear na Freagraí, Fórsa Fealsúnachta, Fuascailteoir Fadhbanna -- chun gach rud a réiteach.
Published with Blogger-droid v1.6.5

19 December 2010

Eilimintí maidine compórdach

 
Tosnaítear le caifé dubh laidir, uachtar agus oráistí.
 
Ansin, crosfhocal mór an Domnaigh agus cúpla leabhair a bhí ar intinn agam iad a léamh.


Agus dar ndóigh, mise ag caitheamh m'fhallaing folctha teolaí.
Published with Blogger-droid v1.6.5

18 November 2010

Bhí lón blasta againn

 Cé a dúirt nach bhfuil bia blasta ag na Sasanaí? Cainneann in anlann cáise...
... rósta muiceola, cabáiste agus bagún, cairéid agus prátaí rósta. Rinne ár gcairde béile iontach dúinn. (Leis an fhirinne a rá, ní aimsím difríocht mhór idir é seo agus béile a gheobhainn in Éirinn.) Blasta ar aon nós!

11 November 2010

Na céad torthaí ón ceamara nua

Goideadh mo cheamara póca coicís ó shin. D'ordaigh mé ceann nua, an ceamara comhionann mar ba bhreá liom é. Tháinig sé aréir, agus seo iad na chéad grianghraf a rinne mé leis.
Clúdach an fhannchlúmháin.
 Dhá súile
An chomharsanacht faoi dhusma maidine fómhair.
Nead ioraí ghlasa ar barr crainn nocht. 
Duilleoga mailpe. Tá siad buí mar an ghrian,
ach is maith liom a
scáthchruthanna chomh maith.

16 October 2010

Ómós do Micheál ár Múinteoir

Cothrom an lae inniu cailleadh Michael Mc Mechan, scoláire den scoth agus múinteoir Gaeilge dúthrachtach i Siceago le blianta. Má bhí aithne agat air, le do thoil, fág cuimhneamh nó smaoineamh ar a shon anseo mar tuairim. Ar dheis Dé go raibh a anam.