Is iad na huirlisí córa le haghaidh babhta traenála ióga:
mata ióga
bríste ióga
tuáille
buidéal uisce
análóir asma
Tá mé réidh leis an cársán, leis an chasacht, leis an mí-chompord anála. Nuair a deir an múinteoir linn "Tarraing d'anáil isteach go domhain," tosaím ag casacht agus bristear dianmhachnamh na n-iógaí eile. Mar sin, táim ag tnúth go mór leis an chéad sioc crua.
B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!