31 October 2007

Oíche Shamhna


Tagann na páistí idir trí a chlog agus seacht a chlog. Fileann na daoine fásta abhaile ón obair beagán go luath i gcomhair a bheith ann chun milseáin a thabhairt amach ag an doras. Glaoigheann clog an dhorais aris is aris. Tá an cuid is mó dóibh béasach; déir siad "trick or treat" agus "go raibh maith agat." Tá muid cuiosach fial; faigheann gach páiste barra seaclóide Snickers-- barra mór, fíor barra seachas na barraí gortacha ar a dtugtar "méid spraoi".

1 comment:

Anonymous said...

Bhí muide inár bhfholach, Oíche Shamhna. Scéal fada é, ach tá muid inár gcónaí ar "parkway" fada, agus tagann na daoine óga (agus cuid acu nach mbíonn chomh hóg sin) ina gcéadta (dáiríre!), i "vans" fiú, ó áiteanna eile. Bhí sé sin maith go leor nuair a bhí na hiníonacha againn féin sa mbaile, ach tá muid ró-shean a bheith ag plé leis na sluanna mar sin an oíche go léir.

Mar sin, chuaigh muid ag an bpictiúrlann, le héalú uathu. Ach ní raibh sé éasca scannán maith a fháil. Oíche Shamhna, agus an chuid is mó de scannáin ró-scanrúil, an iomarca cró iontu!