15 October 2008

Ceamara briste arís :^(


Bhuel, tharla arís é. Thit sé ar an urlar. Cheap mé go raibh sé ceart go leor, ach seachtain tar éis sin, theip cludach an lionsa ar oscailt go hiomlán. Ní dhúnann sé go ceart ach oiread. Mar sin, ar ais leo go dtí an ionad deisiúcháin. An bhfuil aon seans go mbeidh sé réidh roimh dul ar laethanta saoire an 27ú?
(Dála an scéíl: sin bus cairdín a thóg an coirnéal go dona. Stad an trácht le cúpla nóiméad agus é ag chúlú chun dara iarracht a dhéanamh.)

No comments: