08 April 2008

D'eitilt an seachtain thart

Thosaigh muid rud úr ag an obair an seachtain seo caite: blag! "Ohó," a dúirt siad "is tusa an t-eagarthóir, toisc go bhfuil blag agat fós. Ach ná bí á scríobh as Gaeilge, hó, hó, hó!" Sin rud amháin blag a scríobh nuair nach bhfuil ach tusa féin ann. Ach seo an rialtas, agus déantar gach rud trí choistí. Mar sin, blag ghrúpa atá ann. Caithim a lán am ag spreagadh, ag cuardach, ag impú na húdair. Ach cruthaigh sé, agus is tionscadal suimiúil é. Agus ní mairfidh sé ach sé sheachtain, buíochas le Día.

Mar sin, seo na grianghraif a bhí mé ag brath iad a phóstáil an seachtain seo caite. An éigníocht atá ann? Ní dóigh liom, seachas pictiúir is maith liom.


Rinne mé meireangaí agus ghaistigh mé éan beag bán.


Tá do ghairdín ag fanacht leat...


Bhí iontas orm teacht ar ndaoine ag imirt crúite capaill. Spórt seanfhaiseanta é.


An ghaoth aduaidh bíonn sí crua,
Is cuireann sí gruai ar dhaoine;

An ghaoth aneas bíonn sí tais,
Is cuireann sí rath ar na shaolta;

An ghaoth anoir bíonn sí tirim,
Is cuireann sí sioc istoiche;

An ghaoth aniar bíonn sí fial,
Is cuireann sí ias i líonta.



Réitionn siad an foinse faoin dealbhóireacht Picasso ar Daley Plaza.


Bhí pictiúr piollaí uaim chun an blag, mar sin rinne mé sa bhaile é.

No comments: