21 August 2008

"Arf!" arsa Sandy


An cuimhin leat Sandy, an madra sa sean stiallchartún "L'il Orphan Annie"? Deireadh sé "Arf!"

Bhuel, ag an Fhéile Milwaukee i mbliana, bhí taispeántas brocairí ann. Nuair a d'éist mé leo, bhí siad ag rá "Arf", go soléir.

Ní nuacht an-mhór é sin, ach bhí mé sásta go raibh an fuaim cruinn ag Harold Gray nuair a thug sé guth do Sandy sa Chicago Tribune ochtó bliana ó shin.

Dála an scéil, chualamar píosa ar an raidió faoi Bill Berloni, an fear a thraeneáil na madraí chun an ceoldráma Broadway "Annie!"

No comments: