24 January 2011

Leath builín, leath cupán...

"Is fearr leath builín na bheith gan arán", a deir an seanfhocal. Moch ar maidin inniu agus mé cráite le tuirse agus slaghdán, stop mé ag an Starbucks sa stáisiún traenach. D'ordaigh mé "grande misto" (café au lait) agus d'fhan mé go foighneach.

Cé nach raibh ach beirt romham, níor thosaigh an barista mo dheoch agamsa fiú a ullmhú tar éis cúpla nóiméad. Mar sin, nuair a chonaic mé an traein ag droideadh isteach sa stásiún, dúirt mé leí an leath-chupán caifé gan aon bainne ann a thabhairt dom agus amach liom.

Ní bhíonn aon deifir ar lucht an Starbucks sin, cé go bhfuil siad suite taobh istigh de stáisiún traenach.

Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil an leath-chupán caifé seo maith go leor.
Published with Blogger-droid v1.6.5

1 comment:

Will said...

A Karen, thug dalta liomsa an píosa seo isteach i mo rang anocht, mar shampla "show 'n' tell" aige!

will