10 March 2011

Níl a lán ama le fanacht againn!


An bhfeiceann tú? Níl ach ceithre buailtí fágtha ag an ticéad traenach seo. Agus nuair a bheidh sé caite, beidh muid ar laethanta saoire!!

Is ag dul go hÉirinn atá muid, agus caithfidh muid Lá 'le Pádraig i mBaile Átha Cliath. Táim ag tnúth go mór leis an turas seo, go háirithe toisc go mbeidh deis agam bualadh leis na blagadóirí a bhím ag léamh le blianta anuas.

Foighne!
Published with Blogger-droid v1.6.7

2 comments:

Mise Áine said...

Beidh mé i nGaillimh!

Ach, tá súil agam go mbeidh deis agat bualadh leis na blagadóirí eile i mBÁC, rud atá fúm féin a dhéanamh, lá breá éigin, freisin...:-)

Bain sult as do shaoire, a Kharen!

stwidgie said...

Ó, a Áíne, nach trua é sin. Bhí mé ag súil le bualadh leat. Beidh na blagadóirí ag cruinniú le chéile i mBéal Feirste i mbliana, mar sin beidh na dhá chathair is mó feicthe againn. GRMA, agus bain sult as Éigse an Spidéil.